Aidhm an Oideachais:

Is é aidhm an Oideachais againn ná eolas a chúr ar fáil do na dáltaí atá faoinár gcuram sa slí is go musclófar suim an pháiste san ábhar agus go mbeadh fonn air/uirthí tuilleadh fiosrúchain a dhéanamh faoin ábhar sin. Bealaí a mhúineadh dó/dí chun an fiosrúchan sin a dhéanamh. Scileanna agus tréithe a mhúineadh dó/dí a sheásfadh go laidir do/dí agus é/i ina duine fásta. Méas a chothú ann/intí ar an oideachas san slí is gur proiséis bhéatha é dó/dí nach mbainfeadh leis an  scoil amhain. Na dea thréithe atá ann a fhorbairt, smacht a chur ar na droch thréithe agus méas a chothú ann ar féin mar dhuine agus ar dhaoine eile.

Aidhm na Scoile:

Is é aidhm Scoil na gCeithre Máistrí ná timpeallacht thaithneamhach shabhailte dea eagraithe a chothú. Timpeallacht in ar féidir leis na páistí ina curam forbairt go h uile is go h iomlan, go spioradalta, go fisiciúil, go cultúrtha agus go h intleachtúil. Is é ar gcuspóir an timpeallacht agus an fás seo a chothú trí mhéan na Gaeilge. Bhéadh súil againn go mbeadh gach gné den saol seo daingnithe sa bprionsabal Chriostúil, ar bhealach go naitheofaí múinteoirí agus scolairí mar dhaoine iontú féin lena gcuid buanna fé leith.

Aidhm mar Ghaelscoil:

Toisc gur Gaelscoil í, tá sé mar pholsaí go mbeadh Gaeilge i gconaí i dtimpeallacht an pháiste agus go gcothofaí atmaisfear a mhealladh an páiste chun Gaeilge a labhairt. Tá an t atmaisfear seo chun Gaeilge a labhairt fíor thábhachtach duinn go h airithe i dtus saol scoile an pháiste mar go bhfuil sé níos easca do Béarla a labhairt. Tá sé mar aidhm againn go mbeadh an páiste in ann Gaeilge a úsaid trí síor chleachtadh agus ansin go dteastódh uaidh/uaithi Gaeilge a úsaid. Ar deireadh ba chóir go mbeadh sé níos nadúrtha do/dí Gaeilge a usaid na Bearla i dtimpeallacht na scoile agus go mbeadh suim aige/aici í a labhairt taobh amuigh den scoil. Tá sé mar aidhm againn chomh maith go mbeadh Gaeilge chruinn bheacht ag na páistí agus go dtaispeanfadh foireann na scoile i gconaí go bhfuil suim acu sa Ghaeilge trí í a usaid an tam ar fad i dtimpeallacht na scoile.